Jump to content

Crotach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCrotach
Numenius arquata Cuir in eagar ar Wikidata

Stádas caomhnaithe
Speiceas beagnach faoi bhagairt
AICD22693190 Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Réise sciathán0.97 m Cuir in eagar ar Wikidata
Mais
Meánlíon in ál4 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ghoir28 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdCharadriiformes
FineScolopacidae
GéineasNumenius
SpeiceasNumenius arquata Cuir in eagar ar Wikidata
(Linnaeus, 1758)
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin
Cuir in eagar ar Wikidata
Baineann an t-alt seo leis an speiceas coitianta Numenius arquata. Má tá suim agat in éin eile ar a dtugtar “crotach”, féach Numenius.

Is lapaire é an crotach[1][2] nó an cuirliún (Numenius arquata) san fhine mhór Scolopacidae. Tá sé ar cheann de na crotaigh is forleithne, ag pórú ar fud na hEorpa measartha agus na hÁise. San Eoraip, is minic a thagraítear go díreach ar an speiceas seo mar "an crotach", agus in Albain tugtar "an guilbneach" air i nGaeilge na hAlban.

Físeán: Caisleán Ghriaire,   31 Nollaig 2025,
Físeán: Ar a bhealach go dtí Daingean, 2 Nollaig 2025
Físeán: 24 Samhain 2025, Caisleán Ghriaire
ag eitlit
D'ionsaigh sionnach an nead

Gobadán fadchosach a phóraíonn sa leathsféar thuaidh ach a eitlíonn ó dheas sa gheimhreadh, cuid acu chomh fada leis an Astráil. An gob fada, cuartha síos..[3]

Is é seo an lapaire is mó ina raon, ag 50-60 cm ar fhad, le réise sciathán 89–106 cm agus meáchan coirp 410–1,360 g. Tá dath liathdhonn air den chuid is mó, le droim bán, cosa liathghorm agus gob cuartha an-fhada.

Breathnaíonn na cinn fhireanna agus bhaineanna go díreach mar an gcéanna, ach tá an gob níos faide i measc na mbaineannach fásta. De ghnáth, ní féidir gnéas crotaigh amháin, nó fiú roinnt níos mó eile, a aithint mar tá an-éagsúlacht ann; de ghnáth is féidir, áfach, leathéan a aithint thar a chéile.

Éan é an crotach a bhíodh an-choitianta in Éirinn go dtí na 1980idí nuair a thosaigh titim ag teacht ar líon na gcrotach. Déanann an crotach a nead ar an talamh sa bhféar agus meastar gur athruithe a tháinig ar mhodhanna feirmeoireachta in Éirinn ba chúis leis an laghdú.

Sa tuarascáil bhliantúil a bhí foilsithe ag Clár Caomhnaithe an Chrotaigh in 2020, dúirt siad gur tháinig laghdú 96% ar an líon crotach a lig sicíní amach in Éirinn sna 2010idí. Tá na crotaigh faoi bhagairt ag athruithe ar chúrsaí feirmeoireachta, ag ceimiceáin, ag siúlóirí sléibhe, ag an sionnach, ag an minc agus ag an snag breac.

Mar chuid den scéim caomhnaithe tógtar uibheacha na gcrotach fiáin agus déantar iad a ghor agus tógtar na sicíní in áit shábháilte go dtí go mbíonn na gearrcaigh réidh le scaoileadh amach leo féin.

Ba mhór an dul chun cinn é don scéim seo in 2026 nuair a aimsíodh crotach a tógadh faoin scéim seo agus a scaoileadh amach i gcontae Liatroma in 2024 agus é socraithe síos ar Shliabh Beatha i gCo. Fhear Manach, níos lú ná caoga ciliméadar ón áit ar scaoileadh saor é. Ba é seo an chéad uair ag éan goir sa scéim filleadh ar Éirinn.[4]

Béaloideas na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor béaloidis ag baint leis an gcrotach in Éirinn. Bhí aithne agus eolas ar an gcrotach in Éirinn leis na cianta. Ar chloisint an bhéaloidis seo ar fad dúinn ba cheart go spreagfaí muid le cuidiú leis an dream atá ag iarraidh an crotach a choinneáil beo in Éirinn.[5]

Seo é an t-éan ar dhúirt Raiftearaí faoi go raibh sé i Leathbhaile nuair a bhí sé ag moladh na háite sin. Dúirt sé go raibh “an colm, an creabhar, an crotach is an naoscach ann”. Bhí “crotach, naoscach agus péire lachan” i bhféasta de réir amhráin eile a chum sé.

Luaigh Pádraig Mac Piarais an crotach sa dán ‘Bean tSléibhe ag Caoineadh a Mic’. Ar sise:

‘Do labhair an naosc binn is an crotach glórach/Ag faisnéis dom gur éag mo stórach.’

Ainmníodh áiteacha as an gcrotach, go mór mór san iarthar. Ba mhinic i gcaint na ndaoine an t-éan céanna. Is deacair a theacht i ngan fhios air siúd ach oiread leis an gcrotach, a deirtí faoi dhuine airdeallach.[5] Bhí sé de cháil i gcónaí ar an gcrotach go raibh sé an-deacair a theacht ar a nead. Bunaíodh scéal béaloidis air sin in Oileán Mhanann.

Nuair a thug Naomh Pádraig cuairt ar an oileán den chéad uair chuala sé scread ghéar an chrotaigh ag faisnéis go raibh mionnán gabhair tite le fána aille. Bheannaigh sé an crotach agus an mionnán agus ón lá sin i leith ní bhfuair aon duine nead crotaigh ar an oileán. Ní fhaca aon duine minseach ag breith mionnáin ach an oiread.

Tugadh faoi deara in Éirinn freisin, ar ndóigh, gur mhaith ón gcrotach imeacht de sciotán ón áit a mbeadh a nead nuair a thagadh duine an treo. Cumadh scéal béaloidis faoi sin sa tír seo.

Críost a thug an bua don chrotach, a dúradh. De réir an scéil chuaigh Íosa isteach in uaimh agus thit sé ina chodladh. Bhí a naimhde ar a thóir. Nuair a bhí siad in aice na huaimhe thosaigh an crotach ag scréachaíl, dhúisigh sé Íosa agus bhí sé in ann éalú. Bhí Íosa chomh buíoch den chrotach gur mhúin sé dó/di leis an nead a dhéanamh in áit nach mbeifí in ann a theacht uirthi go héasca.

D’insítí scéal béaloidis eile fós ar an múnla céanna faoi lá a raibh Íosa ag siúl na trá agus é ar a theicheadh óna naimhde.

Bhí Íosa ag fágáil lorg a chos ina dhiaidh sa ngaineamh rud a bhí ag tabhairt treorach dá naimhde. Ach tháinig an crotach an bealach gur thosaigh sé féin ag siúl sa ngaineamh agus ag cur lorg cos Chríost ó aithne.

Is fada siar sa stair a creideadh gur tuar báistí a bhí i nglór nó i bhfeadaíl an chrotaigh. Ag scríobh dó sa mbliain 1625 dúirt Ó Súilleabháin Béara go mbeadh a fhios ag duine a chloisfeadh glaoch caointeach an chrotaigh go raibh báisteach ar an mbealach.

Chreideadh muintir Thír Chonaill an rud céanna nuair a chloisidís an crotach san oíche. Dá mbeadh na crotaigh ag glaoch agus ag déanamh ar na sléibhte ba chomhartha soiléir é nach mbeadh sé i bhfad go séidfeadh sé ina ghála, a deireadh muintir Mhaigh Eo. Ceapadh freisin dá n-éireodh ealta crotach san oirthear agus eitilt i dtreo an iarthair gur aimsir sheaca a thiocfadh as.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ ““Numenius arquata” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. ↑ I mBéarla, Eurasian curlew
  3. ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
  4. ↑ Bridget Bhreathnach (24 Aibreán 2026). "DIALANN TUAIRISC: Varadkar san fhaopach | Lá an Domhain | An crotach ag teacht ar ais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-24.
  5. 1 2 3 Seosamh Ó Cuaig (15 Meán Fómhair 2020). "Nár bhocht an ní mura mbeadh an crotach glórach le cloisteáil feasta ar thránna, bánta agus sléibhte na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-24.